Nuashonrú maidir le pléascadh carraigeacha ar an gCeapach Thiar/Update on Rock Blasting at Cappagh West

Nuashonrú maidir le pléascadh carraigeacha ar an gCeapach Thiar/Update on Rock Blasting at Cappagh West

N22BBM Forbairt Bóthair N22 Baile Bhuirne – Maigh Chromtha Nuashonrú maidir le pléascadh carraigeacha ar an gCeapach Thiar (Cappagh West), Baile Bhuirne. Deireadh Fómhair 2020.

Ullmhúchán agus Pléascadh: Chuir an conraitheoir tús leis an obair ullmhúcháin chun an charraig a bhaint ar an gCeapach Thiar ar an 27 Lúnasa, 2020. Bhí an áit ina raibh an charraig a bhí le baint lonnaithe thart ar 350 m Soir ó Abhainn na Biochaille. Bhí an chéad phléascadh carraige ann ar an 7 Meán Fómhair agus pléasc eile ar an 10 Meán Fómhair. Do lean an t-aistriú agus an briseadh ar aghaidh i gcaitheamh mhí Mheán Fómhair agus isteach i mí Deireadh Fómhair.

Brú carraige: Bailíodh 6,100 méadar ciúbach de charraigeacha mar thoradh ar an bpléascadh. Tá an charraig seo á próiseáil faoi láthair tríd brúiteoir carraige a laghdaíonn na carraigeacha síos go dtí na méideanna a theastaíonn. Iompraítear an brúiteoir carraige go dtí an láthair ar thrucail lódaire íseal agus is meaisín le boinn chreasa an brúiteoir carraige ar féidir leis mion achair ghearra a thaisteal laistigh den suíomh. Bíonn an brúiteoir suite gar don gcarraig phléasctha agus úsáidtear tochaltóir chun an charraig phléasctha a líonadh isteach sa brúiteoir.

Carraig á próiseáil sa bhrúiteoir

An úsáid a baintear as an gcarraig: Ábhar ardchaighdeáin is ea an charraig phróiseáilte seo agus úsáidtear í mar ábhar uaslíonta agus aislíonta timpeall ar struchtúir nua cosúil le bunsraitheanna ar dhroichid agus lintéireacha, fallaí agus fallaí coinneála ar dhroichid. Déantar an t-ábhar seo a thástáil le cinntiú go mbíonn se ag comhlíonadh na sonraíochtaí sula n-úsáidtear é. Is iad na tréithe a mbíonn á lorg againn d’ábhar den chineál seo ná na hairíonna ceimiceacha atá aige, grádú (méid na carraige brúite), socracht ar fhánaigh agus gan dabht marthanacht.

Carraig á próiseáil trí bhrúiteoir agus á lódáil ar thrucail A25 dár gcuid le cur in áit faoi líntéir srutháin nua

Cá n-úsáidfear an t-ábhar: Úsáidimid an charraig phróiseáilte i mbunsraitheanna ar dhroichid agus lintéireacha agus mar aislíonadh struchtúrach timpeall ar fhallaí agus timpeall ar cholúin na ndroichead idir Abhainn na Biochaille agus Bóthar Chluain Droichead. Úsáidfear chomh maith é mar chuid de Líonadh Ginearálta ailíniúcháin an bhóthair nua.

Carraig mar tháirge críochnaithe á cur in áit faoi bhunsraith lintéir srutháin nua.

An chéad chéim eile: Níl aon phléascadh eile beartaithe don gCeapach Thiar agus tá tús curtha againn leis na hoibreacha i gceantair Thonn Láin agus Chúl na Cathrach. Tá súil againn dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa cheantar seo chomh fada leis an N22 reatha sna seachtainí romhainn.

N22BBM Baile Bhuirne to Macroom Road Development update regarding rock blasting at Cappagh West Ballyvourney Oct 2020

Preparation and Blasting: The contractor started preparatory work for rock removal on 27th August 2020 at Cappagh West. The rock to be removed was located approximately 350 m East of the Bohill River. The first rock blast took place on the 7th September with a second blast on 10th September. Rock removal by rock breaking has progressed throughout September on into October.

Rock Crushing: A total of 6,100 cubic metres of rock was recovered by the blasting. This rock is currently being processed through a rock crusher which reduces the rock to specified sizes. The rock crusher itself is delivered to site via a large low-loader truck and is a tracked machine and can move short distances within the site. The crusher is positioned close to the blasted rock which is loaded into the crusher using an excavator.

Rock being processed through the crusher.

The use of the rock: The processed rock is a high-quality material and is used as structural upfill and backfill material around the new structures such as bridge and culvert foundations, bridge walls and bridge retaining walls. This material is tested to ensure that it complies with the various specifications before it is used. The attributes that we look for in this type of material are it’s chemical properties , grading (size of the crushed rock), it’s slope stability and of course it’s durability.

Rock being processed through the crusher and loaded onto our A25 Dump truck to be placed under a new stream culvert

Where will it be used: The processed rock is being used in the various bridge and culvert foundations and as structural backfill around bridge walls and columns between the Bohill River and the Clondrohid Road. It will also be used as part of the General Fill for the main alignment of the new road.

Finished product rock being placed under a new stream culvert foundation

Where from here: No more rock blasting is planned for Cappagh West and we have just commenced works in the Toonlane and Coolnacatheragh area. We hope to make significant progress in this area as far as the existing N22 in the coming weeks.

Share this post