N22BBM Fógra Poiblí Ean 2021

N22BBM Fógra Poiblí Ean 2021

Covid-19 Freagairt don Phaindéim

Ar an 08 Eanair 2021, d’fhógair an Rialtas bearta breise laistigh de Leibhéal

5 den Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021: An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19 chun tabhairt faoi Covid-19 a smachtú.

Tá ordaithe ag an Rialtas go gcuirfí stop le tógáil ó 18:00 ar an Aoine 08 Eanair, le heisceachtaí fánacha lena n-áirítear obair dheisiúcháin, chothabhála agus thógála ar bhonneagar iompair agus fóntas a meastar a bheith rí-thábhachtach.

Tionscadal bonneagair rí-thábhachtach is ea tionscadal N22BBM agus dá réir sin leanfaidh an obair ar aghaidh.

Tá an stádas thuas faoi réir athbhreithnithe ar bhonn leanúnach.

Má tá aon eolas breise de dhíth ort, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn ag info@n22bbm.ie nó ar 087-4581555

Share this post